← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← Bhí a gruaig ina duala buí óir ar sileadh léi agus a gormshúile mar dhrúcht ar bharr an fhéir. 🔊✎
← "Niamh Chinn Óir is ainm domh," ar sise, "agus is mé iníon Rí na nÓg." 🔊
← Ansin chuaigh Oisín ar mhuin an eich bháin agus chuir Niamh Chinn Óir ar a bhéala. 🔊✎
← Chonaic siad an ainnir ó gar each dhonn ag imeacht ar bharr na toinne, úll óir ina deaslámh agus an marcach ina dhiaidh ar each bhán le claíomh chinn óir. 🔊✎
← "Níl aoibhneas dár smaoinigh croí air nach mbeidh agat, agus Niamh Chinn Óir go deo mar chéile." 🔊
← Chaith siad flea is féasta a mhair deich n-oíche is deich lá i ndún an rí, agus pósadh Oisín agus Niamh Chinn Óir. 🔊
← D'fhág Oisín slán ag Niamh Chinn Óir, ag a dhís mhac agus ag a iníon. 🔊✎
← Thairg Pádraig ansin Oisín a choinneáil ar a theaghlach agus a thabhairt leis ar a thurais ar fud Éireann, óir bhí trua aige don tseanóir dhall agus ba mhaith leis seanchas an tseansaoil a fháil uaidh agus soiscéal Dé a theagasc dó i ndeireadh a aoise. 🔊✎